CÉAD MÍLE FOCAL


Ba é 2015 an chéad bhliain iomlán trádála ag Céad Míle Focal. Bhunaigh Diarmuid Clifford an gnó seo tar éis dó breis is deich mbliana a chaitheamh i mbun aistriúchán gairmiúil. Imeartas focal atá san ainm ‘Céad Míle Focal’ agus é bunaithe ar an nath iomráiteach ‘Céad Míle Fáilte’. Léiríonn sé sin ceann de na clocha is mó ar ár bpaidrín – seirbhís phearsanta chairdiúil a thabhairt dár gcustaiméirí i gcónaí. Léiríonn ár mana, ‘Aistriúchán den chéad scoth le croí mór’ an meon céanna. Ní bhíonn an doras dúnta in am ar bith; fiú nuair a bhíonn an t-aistriúchán críochnaithe agus curtha faoi bhráid an chustaiméara, bímid fós ar fáil chun cabhrú leo má bhíonn aon fhadhb le réiteach nó aon leasú le déanamh.


Bíonn obair Céad Míle Focal ar an gcaighdeán is fearr amuigh i gcónaí. Ní bhímid sásta go dtí go mbíonn barr feabhais ar an téacs – bíonn an chiall tugtha slán go hiomlán, bíonn togha na Gaeilge (nó an Bhéarla) in úsáid, bíonn an ghramadach foirfe agus bíonn an téacs éasca le léamh agus le tuiscint. Is beag aistriúchán a bhaineann na spriocanna sin amach agus sin é an fáth a seasann Céad Míle Focal amach ó na gnóthaí aistriúcháin eile.


I mí Iúil 2016 d’fhoilsigh Tithe an Oireachtais an Caighdeán nua a rabhamar ag fanacht leis le fada – Gradamach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil. Is mór an dúshlán é dul i ngleic leis na hathruithe sin ar fad agus tá mearbhall ar a lán lán daoine, aistritheoirí san áireamh. Is saineolaí aitheanta i ngramadach na Gaeilge é Príomh-Aistritheoir Céad Míle Focal, Diarmuid Clifford, agus is féidir leis an gcustaiméir bheith cinnte go mbeidh gach aistriúchán a dhéanann Céad Míle Focal ag teacht go hiomlán leis an gCaighdeán Oifigiúil is déanaí.



DIARMUID CLIFFORD
M.A., Ard-Diop. (Aistriúchán), Ard-Diop. (Oideachas)
Aistritheoir Creidiúnaithe, Eagarthóir Creidiúnaithe

Is é Diarmuid Clifford Príomh-Aistritheoir Céad Míle Focal. I nGaillimh a rugadh agus a tógadh é agus tá sé ag cur faoi sa Chéim i mBaile Átha Cliath Theas anois. Bhain sé céim B.A. céad onóracha sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 1999. Ina dhiaidh sin bhain sé Ard-Dioplóma san Oideachas (2000), Céim Mháistir sa tSean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge (2004) agus Ard-Dioplóma Ealaíon i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán (2005).


Tá an dá cháilíocht ghairmiúla de chuid Fhoras na Gaeilge bainte amach aige. Is sa bhliain 2006 a bhain sé an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge. Sa bhliain 2011 bhain sé an Séala Creidiúnaithe d’Eagarthóirí Gaeilge, cáilíocht nach bhfuil ach ag ochtar ar fad.


Tá sé ag aistriú agus ag profáil le haon bhliain déag anuas. Chaith sé seal ag obair le eTeams International agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) sular bhuail sé amach leis féin mar shaoraistritheoir sa bhliain 2008.


Is saineolaí aitheanta é Diarmuid i réimse na gramadaí agus mioneolas aige ar gach gné de ghramadach na Gaeilge agus den Chaighdeán Oifigiúil.



FOIREANN AISTRITHEOIRÍ


Tá foireann de na saoraistritheoirí is fearr sa tír tugtha le chéile ag Céad Míle Focal chun bheith ag obair i gcomhar le Diarmuid Clifford ar na tionscadail mhóra. Tá an Séala Creidiúnaithe d'Aistritheoirí Gaeilge bainte amach ag gach duine de na haistritheoirí sin.



CÉN FÁTH A ROGHNÓFÁ CÉAD MÍLE FOCAL?


  • Caighdeán rí-ard
  • Seirbhís phearsanta chairdiúil
  • Seirbhís iar-aistriúcháin – deis ag an gcustaiméir athruithe déanacha a dhéanamh
  • Praghsanna iomaíocha
  • An obair déanta in am i gcónaí
  • An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ag ár gcuid aistritheoirí ar fad
  • An Séala Creidiúnaithe d’Eagarthóirí ag ár bPríomh-Aistritheoir