Ní hamháin go mbíonn na seirbhísí a sholáthraíonn Céad Míle Focal ar ardchaighdeán i gcónaí, ach seirbhís chairdiúil phearsanta a bhíonn ann, bíonn an praghas réasúnta agus bíonn an obair déanta in am. Seo cur síos ar na seirbhísí atá ar fáil:


Seirbhísí Aistriúcháin: Béarla-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla

Cuireann Céad Míle Focal réimse leathan aistriúcháin ar fáil. Seo roinnt samplaí de na cineálacha cáipéisí a aistrímid:

  • Tuarascálacha Bliantúla
  • Ráitis Straitéise
  • Cuntais Iniúchta/Ráitis Airgeadais
  • Ábhar oideachasúil
  • Preasráitis
  • Ábhar matamaiticiúil
  • Cairteacha Custaiméirí
  • Pleananna Forbartha
  • Pleananna Teanga
  • Téacsleabhair do scoileanna
  • Ábhar dlí agus reachtaíochta e.g. fodhlíthe, ionstraimí reachtúla, rialacháin
  • Biachláir
  • Suíomhanna Gréasáin


Seirbhísí Profála/Eagarthóireachta

Má bhíonn do cháipéis i nGaeilge cheana féin ach go mbíonn tú ag iarraidh barr feabhais a chur uirthi, beidh Céad Míle Focal ar fáil chun profáil/eagarthóireacht a dhéanamh. Tá an Séala Creidiúnaithe d’Eagarthóirí bainte amach ag eagarthóir Céad Míle Focal, Diarmuid Clifford, cáilíocht nach bhfuil ach ag ochtar sa tír.


Cúnamh Teanga agus Gramadaí


GRAMADACH: CEIST AGUS FREAGRA
An mbíonn ceisteanna gramadaí ina gcrá croí agat? Ní gá go mbeadh feasta. Is féidir síntiús trí mhí, leathbhliana nó bliana a ghlacadh le Céad Míle Focal, rud a chuirfidh comhairle agus saineolas gramadaí ar fáil duit ar feadh na tréimhse a roghnaíonn tú. Nó is féidir ceisteanna aonair a chur. Téigh i dteagmháil le Céad Míle Focal chun praghsanna a phlé.


TREOIR: AN CAIGHDEÁN OIFIGIÚIL NUA
In 2016, d'fhoilsigh Tithe an Oireachtais Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil. Tagann sé seo in áit Chaighdeán Oifigiúil 1958 (agus Chaighdeán Athbhreithnithe 2012). Tá Céad Míle Focal ar fáil chun treoir agus saineolas a chur ar fáil. Cibé rud a bhíonn ag teastáil – seimineár do ghrúpa, comhairle do dhuine aonair, freagraí ar cheisteanna etc, is féidir leat brath ar Céad Míle Focal chun teacht i gcabhair ort.



COMHAIRLEACHT TEANGA
Cuireann Céad Míle Focal comhairle ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair ó thaobh teanga agus gramadaí de. Má bhíonn comhairle uait agus tú ag scríobh nó ag labhairt trí Ghaeilge, is chuig Céad Míle Focal is fearr a theacht.


Gaeilge do Ghnólachtaí

Is mór an buntáiste do ghnólacht atá lonnaithe in Éirinn an Ghaeilge a bheith in úsáid acu. Bíonn a lán lán roghanna ag custaiméirí ar ndóigh agus teastaíonn rud éigin breise chun iad a mhealladh. Téann an Ghaeilge i gcion ar mhórán custaiméirí mar go dtaispeánann sí nach ar thóir airgid amháin atá an gnólacht ach go bhfuil suim acu sna daoine agus i gcultúr na hÉireann.

Níl sé deacair blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt. I gcás bialainne, is féidir biachlár dátheangach a chur ar fáil. I gcás ollmhargaidh, is féidir comharthaí dátheangacha a chur in airde. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeadh leagan Gaeilge den suíomh gréasáin ar fáil – is minic gurb é sin an príomhphointe teagmhála a bhíonn ag daoine leis an ngnólacht.

Is iad Tesco Gaillimh a bhuaigh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014, gradam a bhfuil clú agus cáil air i nGaillimh, tar éis dóibh iarracht mhór a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn san ollmhargadh acu in Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe. Bhuaigh siad a lán duaiseanna iontacha, ina measc Pacáiste Fógraíochta, ar fiú €2,500 é, ón Galway Advertiser. Rachaidh an gradam seo go mór chun leasa dóibh agus iad ag iarraidh a thuilleadh custaiméirí a mhealladh.

Tá Céad Míle Focal ar fáil chun aistriúchán go Gaeilge a dhéanamh do do ghnólacht. Téigh i dteagmháil linn anois chun tús a chur leis an aistear!